English <— 

DD ar an tsean-nós - i bfhíor dheiríú oídhche, le Saileog Ní Cheannabháin

Saileóg

Réamhrá … maidir leis an DD seo

Amhráin a bhailigh Séamas Ennis in Iorras Aintheach, i gConamara, idir na blianta 1942-1945 atá sna taifeadtaí seo. Shocraigh mé dhá amhrán déag a roghnú as an mbailiúchán atá in Ionad Uí Dhuilearga, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá focla na n-amhrán mar aon lena n-údar ar fáil i lámhscríbhinní an bhailiúcháin. Tá foinn na n-amhrán in imleabhair eile, agus tá ceol damhsa iontu sin freisin.Tá taifeadtaí fuaime ar fáil de dhá cheann de na hamhráin a roghnaigh mé, ceann in Ionad Uí Dhuilearga agus ceann i gcartlann RTÉ.

Bunáite na n-amhrán seo, níor chuala mé cheana riamh iad, ná níor chuala mé caint orthu. Cuid de na hamhráin, is leaganacha neamhghnácha d'amhráin choitianta atá iontu. I bhfoirm scríofa amháin, idir fhocla agus fhoinn, a bhí a mbunáite. Ar ndóigh, ba éacht ann féin an léiriú i bhfoirm scríofa a thug Séamus Ennis ar théacs agus ar fhonn na n-amhrán. Bhí sé cloistithe agam go raibh go leor amhrán agus seanchais in Iorras Aintheach, ach fós féin, baineadh geit asam nuair a chonaic mé na lámhscríbhinní! Chomh maith le líon na n-amhrán is iontach an éagsúlacht ó thaobh focal agus fonn a bhí sna hamhráin agus ba dheacair rogha a dhéanamh.

Nuair a bhí mé ag gabháil na n-amhrán sa stiúideo rinne mé iarracht chomh maith agus a d'fhéad mé cloí le canúint an amhránaí mar a bhí léirithe ag an mbailitheoir sa lámhscríbhinn. Rinne mé leasú ar an litriú na lámhscríbhinne don leabhrán seo. Aon athrú suntasach eile a rinne mé tá sé luaite sna nótaí agam.

Maidir leis na foinn, rinne mé iarracht an chéad cheathrú den amhrán (go minic, níor scríobhadh ach sin) a ghabháil ar bhealach a bhí chomh gar don lámhscríbhinn agus a d'fhéadfainn. Ina dhiaidh sin, rinne mé mo chuid féin de. Tá súil agam go spreagfaidh an dlúthdhiosca seo breis suime sa mbailiúchán agus go dtabharfar amhráin agus ábhar eile ar ais sa traidisiún beo.

Saileog Ní Cheannabháin

Dén teagmháil liom • contact Saileog  An DD a OedU • To Order the CD

cois farraige
 

© Saileog Ní Cheannabháin, 2012, All rights reserved.

Web Site Design and Creation by One Source Graphics
Please send questions and comments about the site to: eolas@onesourcegraphics.com